Gráinne Mhaol & Féile Scoil Drámaíochta
Déardaoin, 9ú Márta, chuaigh Bean Uí Chógáin agus a grúpa drámaíochta go dtí an Spidéal chun a ndráma 'Gráinne Mhaol' a léiriú sa chomórtas Féile Scoil Drámaíochta, Connacht 2017. Ba deis iontach é do na páistí a gcuid oibre a léiriú agus a mbuanna iontacha. Bhí scéal agus seit den scoth acu freisin. Bhí an-chraic againn ar an turas agus fiú bhí seans againn dul go McDonalds. Bhíomar an bhródúil as na cailíní, as ucht a gcuid béasaí agus an chaoi a chomh-oibrigh siad lena chéile chun seó iontach a chur i láthair. Tá an méid sin foghlamtha acu - Gaeilge, drámaíocht, scileanna sóisialta srl. Míle Buíochas le Bn Uí Chógáin, Michael, Ms Granahan agus Veina as an tacaíocht a thug siad do na cailíní. Bhain siad an sult agus tairbhe as an seans seo. Go mbeirimid beo ar an am seo arís!