SnaG - Lá a Dó- i Scoil Naomh Aingeal!

March 14, 2017

Inniu bhí lá den scoth againn le amhránaíocht ó na Naíonáin, dráma 'An POta Óir' ó Rang a 4, amhránaíocht ó Chór Náisiúnta na bPáistí ó Rang a 5 agus Céilí Mór le Rang 4/5/6. Ná déanaimis dearmad go raibh cleachtadh ag an mbanna ceoil ar maidin freisin.  Bhí Gaeilge agus ceol iontach le cloisteáil sa halla inniu agus gabhaimid buíochas mór leis na páistí agus na múinteoirí as ucht an méid oibre atá a dhéanamh acu i rith na seachtaine agus i rith na bliana.  Tá na cailíní ag baint an-tairbhe agus an-sult as.

 

Share on Facebook
Share on Twitter